Is mian le Féile Cartún na Gaillimhe cuireadh a thabhairt do chartúnaithe

Is mian le Féile Cartún na Gaillimhe cuireadh a thabhairt do chartúnaithe a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge a saothar a chur isteach le haghaidh eagrán na bliana seo d’Fhéile Cartún na Gaillimhe. Tá an téama lánoscailte do thaispeántas na Gaeilge agus déanfar cartúin ar bith i nGaeilge a mheas le cur san áireamh ann. Ba cheart iontrálacha a sheoladh trí r-phost chuig info@galway­cartoon­festival.ie i bhfoirm jpeg 300dpi. Bronnfar duais airgid ar shaothar amháin a dhéanfaidh moltóir neamhspleách a roghnú. Déanfar na hiontrálacha a roghnófar a chur i gcló agus a chur ar taispeáint in ionaid timpeall na Gaillimhe, 1-9 Deireadh Fómhair 2021. Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiontrálacha an 28 Lúnasa 2021. Tá na téarmaí agus coinníollacha go léir ar fáil ag galwaycartoonfestival.ie nó ach iad a iarraidh.

Please Support Our Partners

Festival visitors can get a 20% discount from Kinlay Hostel using the promo code “Cartoon20”!